Cartlanna Míosa: Meán an tSamhraidh 2015

Simplí ach Suntasach – Gníomh deas don samhradh // Simple but Significant – A nice summer activity

2015-06-16 09.53.26Mar is eol daoibh uilig, uaireannta is iad na rudaí is simplí na rudaí is fearr! Seo ceann iontach atá an-simplí le cur ar siúl ach go bhfuil go leor leor le fáil as. Díolachán Reic Scoile atá i gceist – agus é eagraithe ag páistí Rang 6. Tógann na páistí uilig isteach bréagáin agus leabhair nach bhfuil in úsáid acu a thuilleadh agus ansin bíonn seans acu rudaí eile a cheannach. Díolann Rang 6 gach rud agus cuireann siad ‘seirbhísí’ eile ar fáil chomh maith. Lá iontach a bhíonn ann.

As you are all aware, sometimes it’s the simplest of things that are the best! This is a great one that is very easy to make happen and that has a lot to be gained from it. A School Jumble Sale – organised by the 6th class students. All students bring in toys and books that they no longer use and then have the opportunity to buy other items. 6th Class do all of the organising and selling and they also make some other ‘services’ available too.

2015-06-16 09.08.46Na buntáistí a bhaineann leis ná :

  1. Cuireann sé Rang 6 gnóthach ag an staid seo ag deireadh na bliana – agus tuigeann muid uilig cé chomh dúshlánach go mbíonn sé sin a dhéanamh.
  2. Is breá le tuismitheoirí an seans a bheith acu fáil réidh leis na sean-bhréagáin atá timpeall an tí.
  3. Faigheann páistí na scoile seans iontach dul ‘ag siopadóireacht’ leo féin, airgead a úsáid agus a roghanna féin a dhéanamh.
  4. Faigheann na páistí bréagáin agus leabhair nua dóibh agus iad ar phraghasanna an-saor.
  5. Cruthaíonn sé atmaisféar deas sa scoil.
  6. Is bealach éasca é airgead a bhailiú (ar son charthanais nó ar son na scoile).

The advantages are :

  1. It keeps 6th class busy at the end of the year – and we all know how challenging that can be.
  2. Parents love the opportunity to part with some of the older toys around the house.
  3. Children right through the school get the opportunity to go ‘shopping’ alone, to use money, and to make their own choices.
  4. The children get some ‘new to them’ toys and books at very low prices.
  5. It creates a lovely atmosphere in the school.
  6. It’s an easy way to raise some money (for charity or for the school itself).

Ó thaobh eagrúcháin de, níl mórán i gceist ar chor ar bith. Chuir muid cúpla téacs amach le coicís anuas agus chuaigh Rang 6 timpeall na scoile gach maidin ag bailiú aon bréagáin nó leabhair gur thóg páistí isteach. Chuir muid téacs amháin eile amach aréir ionas go mbeadh cúpla euro ag gach páiste inniu agus iad ag teacht ar scoil.

In terms of organisation, there’s not much involved at all. We sent out a couple of texts in the fortnight beforehand and 6th class students went around the school each morning collecting any toys or books that the children had brought in. We sent one other text last night to ensure that each child would have a couple of euro today coming to school.

2015-06-16 12.57.10Ar maidin, d’eagraigh Rang 6 gach rud sa halla. Leag siad amach na bréagáin agus na leabhair. Chomh maith leis sin, d’eagraigh siad trí seastán eile – péinteáil aghaidhe, seastán lámh-mhaisithe agus dreas-fótagrafaíochta.

This morning, 6th class organised everything in the hall. They laid out the toys and books. They also set up three other stands – face painting, manicures and a photo-shoot section.

2015-06-16 09.08.29 2015-06-16 09.31.07 2015-06-16 09.08.37

Agus gach rud réidh, bhí seans ag gach rang teacht ag an halla ag pointe éigean le linn an lae agus bhí an-craic ag gach éinne ag déanamh siopadóireachta. Tá seo go hiontach, ach go háirithe, do na naíonáin toisc nach mbíonn siad ag siopadóireacht go neamhspléach riamh. Thar na blianta bhí tuismitheoirí a tháinig chugainn lena mbuíochas a ghabháil as ucht an deis sin a thabhairt dá bpáistí. Ní bhíonn i gceist ag cuid an-bheag airgid ach is mór an rud é do na páistí óga sin.

When everything was ready, each class had a chance to come to the hall at some point during the day and everybody had great fun shopping. This is excellent, particularly for the infants, because they don’t often shop independently. Over the years, parents have come to us to thank us for giving their children that opportunity. It’s only very small amounts of money that are involved but it’s a big thing for the younger children.

2015-06-16 11.12.39 2015-06-16 11.16.25

2015-06-16 11.36.02

Idir dathanna, glitter agus greamóga a roghnú, bhain gach éinne an-sult as an lámh-mhaisiú agus bhí cailíní Rang 6 fíor-ghnóthach ansin.

Between choosing colours, glitter and little stickers, everybody really enjoyed the manicures and the girls from 6th class were really busy all day.

2015-06-16 11.16.03   2015-06-16 11.15.58

Tá sé deacair an péinteáil aghaidhe a thaispeáint daoibh anseo ach rinne dalta amháin as Rang 6 tuairim is caoga aghaidh a phéinteáil agus bhí siad uilig an-sásta leo féin.

It’s difficult to show you the results of the face painting here but one student in 6th class painted somewhere in the region of 50 faces today and they were all delighted with themselves.

2015-06-16 11.07.06D’eagraigh grúpa eile an dreas fótógrafaíochta. Bhí go leor acu idir hataí, spéaclaí gréine is ar uile agus ghlac siad griangrafanna don na páistí. 25c ar cheann dubh agus bán, 50c ar cheann daite. Tá siad le priontáil amárach agus le tabhairt amach. Bhí seo iontach greannmhar le breathnú air.

Another group organised a photo-shoot. They had lots of hats, sunglasses etc. and they took photos of the children. 25c for a black and white one, 50c for a colour one. These have to be printed and distributed tomorrow. It was hilarious to watch them all doing this.

2015-06-16 13.22.34 2015-06-16 13.22.36I ndiadh an ghlanadh suas, bhí an t-airgead le bhailiú agus le comhaireamh. €405 atá bailithe acu inniu agus é á roinnt idir teach áitiúl le haghaidh daoine faoi mhí-chumas agus an barda péidiatraicheach san ospidéal áitiúl. Lá oibre iontach!!

After the tidying up, the money had to be collected and counted. They raised €405 today which is being shared between a local house for disabled people and the paedriatric ward in the local hospital. A great day’s work!!

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized